An phit is cáiliúla ar domhan, arbh Éireannach í?

(Tar éis ár gcuairt ar an Pont Neuf táim i gcomhluadar mo bheirt chuairteoirí as Baile Átha Cliath arís,ar thóir iontas eile de chuid Páras a bhfuil baint aige le hÉirinn.)

Táimid inár seasamh go neamhchinnteacht sa ghailearaí, agus cuireann an pictiúr atá os ár gcomhair mearbhall orainn. Tá fórsa ann a tharraingíonn ár n-aird agus a mheallann ár gcuid smaointe asainn ar bhealach dosheachanta. Is éard atá ann sa phictiúr ná baill ghiniúna mná. Léirítear ann colainn mná nocht, ar shlata a droma, a cosa spréite. Ní fheictear a ceann, tá sé lasmuigh den fhráma. Seachas an bhean níl mórán eile le feiceáil sa phictiúr – cúlra dubh agus éadaí leapa bán – sa dóigh go bhfuil ár súile go hiomlán faoi dhraíocht ag an mbruis dhubh thiubh atá ar a lár.

Is pictiúr é a bhfuil cáil air ar fud an domhain, agus is é an cárta poist is mó díol i siopa an mhúsaeim.

800px-Origin-of-the-World

Tá an triúr againn anseo in Musée d’Orsay i bPáras, an gailearaí impriseanachais iomráiteach, maidin bhreá Mheithimh. Mise atá i mo chónaí sa phríomhchathair le fada an lá, agus Proinsias agus Renata atá ar chuairt chugam as Baile Átha Cliath. Tá suim faoi leith ag Renata i gcúrsaí ealaíne agus mar sin cheap mé gurbh fhiú teacht chuig an áit iontach seo, agus go háirithe an pictiúr seo a thaispeáint dóibh, pictiúr a bhfuil baint bheag aduain aige le hÉirinn. Meastar anois gurbh Éireannaigh an bhean atá ann –  Joanna Hiffernan, La Belle Irlandaise.

« L’Origine du Monde ! » a deirim. « Ní fheadar cad is brí leis an teideal. Cad a cheapann sibhse ? »

Ealaíontóir de chuid na gluaiseachta réalachais ab ea Gustave Courbet agus is in 1866 a phéinteáil sé an pictiúr iomráiteach seo.

Ní haon ionadh gur chúis scannail í an phortráid ag an am. Léirítear na baill ghiniúna ar bhealach nádúrtha réadúil, rud nach raibh ag teacht le nósmhaireachtaí rómánsacha na tréimhse; i ngnáthphictiúir an traidisiúin sin ní fhéachtaí oiread is ribe caithre amháin. Agus is pictiúr é a bhfuil scannal á thabhairt aige i gcónaí – fiú in aois seo na pornagrafaíochta uileláithrí.  Is go rialta fós a chuirtear cosc ar an íomhá ar Facebook, Google agus na meáin shóisialta eile toisc go gceaptar gur ábhar gáirsiúil atá ann.

Níl ceann an mhainicín ealaíontóra le feiceáil, rud a chuireann le héifeacht as cuimse an phictiúir. Níl rian modhúlachta bhréige ann. Níl aghaidh dhaonna ann chun ár súile a tharraingt ó théisiúlacht mháistriúil an ghabhail;  ní fheicimid ann ach an t-orgán atáirgthe, an t-orgán pléisiúir, atá á dhearbhú agus á chur in iúl chomh mínáireach agus chomh huaibhreach is a rinne riamh aon Síle na gCíoch.

Mainicín gan ainm a bhí i gcur síos an phictiúir le fada. Ach le déanaí, in 2010, thángthas ar phictiúr beag i siopa seandachtaí –  ceann mná óige –  a chuir casadh ar an scéal. De bharr cosúlachtaí suntasacha idir an pictiúr seo agus L’Origine du Monde – an  stíl, an cruth, agus an comhdhéanamh, na hábhair dhatha agus na toisí – ceapadh gur dhá chuid d’aon phictiúr amháin a bhí ann ar dtús agus gur ghearr Courbet an ceann as an bportráid d’fhonn cosaint a dhéanamh ar a mhainicín.

Is í Joanna Hiffernan an bhean atá sa phortráid, Éireannach a raibh an-cháil uirthi mar mhainicín ealaíontóra ag an tréimhse sin. Bhí sí ina bé agus inspioráid ag James Abbott McNeill Whistler, mórealaíontóir Meiriceánach, agus ina dhiaidh sin ag Gustave Courbet i bPáras.

 

l-origine-du-monde-aurait-aussi-un-visage

Mar sin féin, caithfear a rá nach n-aontaíonn gach duine leis an hipitéis. Táthar ann a mhaíonn gurbh í  inspioráid na portráide na grianghraif phornagrafacha glinne a bhí flúirseach sa 19ú haois. Agus meabhraítear dúinn chomh maith gur bhean rua ab ea Joanna Hiffernan, ach stothóg bhreá dhubh atá sa phictiúr. Fanann dabht.

Is iontach an áit é Musée d’Orsay, seanstáisiún traenach athchóirithe ar bhruach na Séine.  Is mór an trua nach bhfuil ach maidin amháin againn chun na saothair ealaíne a fheiceáil, má tá ábhar iontais anseo a choimeádfadh cuairteoir faoi dhraíocht ar feadh na seachtainí.

Taobh thiar den mhúsaem tá ceantar Saint Germain Des Près, ceantar gan dabht a shiúil Joanna Hiffernan go minic, mar is anseo a bhí suite cuid mhaith de na stiúideonna agus scoileanna ealaíne sa 19ú haois. Tá ceangal faoi leith ag an gceantar seo leis na hÉireannaigh, is anseo a chuir lán dóibh fúthu i gcaitheamh na n-aoiseanna. B’éagsúil na cúiseanna a tharraing go Páras iad: chun éalú ón mbochtaineacht agus ón ngéarleanúint, chun eachtraíocht agus pléisiúr a lorg, chun dul leis na healaíona agus an scríbhneoireacht. Agus amhail Joanna, tháinig cuid mhaith dóibh sa Fhrainc chun an tsaoirse agus an leathanaigeantacht nach raibh le fáil ina dtír féin a bhaint amach.

Is sa cheantar seo, in Rue du Dragon, a bhí an Academie Julian, ar fhreastal roinnt mhaith ealaíontóirí Éireannacha air, ina measc John Lavery, Richard Moynan, agus Paul Henry. Agus ealaíontóirí mná chomh maith, leithéidí Sarah Purser agus Constance Gore Booth – ba é an t-acadamh seo an t-aon scoil ealaíne amháin ar a raibh cead ag mná clárú air.

Is sa cheantar céanna in Hôtel d’Alsace ar Rue des Beaux-Arts, a fuair Oscar Wilde bás i 1900, ina sheomra beag gona páipéar balla gránna. Ba san eaglais Saint-Germain-des-Prés in aice láimhe a léadh Aifreann na marbh; níor fhreastal ach 56 daoine ar an tseirbhís bheag shuarach, agus ina diaidh cuireadh go gasta in uaigh bhochtáin é.

Agus is anseo in Rue Bonaparte sa 19 haois a bhí cónaí ag Lady Morgan, scríbhneoir Éireannach a raibh an-cháil uirthi mar gheall ar úrscéal d’a cuid, « The Wilde Irish Girl ».  Leabhar an-suimiúil a bhí ann, cé go bhfuil sé beagnach doléite sa lá atá inniu ann.  Deir iadsan a bhfuil an leabhar iomlán léite acu (ní hé mo chás féin, faraor) gur leabhar é atá prótai-fheimineachach agus forásach. Sa tsráid chéanna, céad bliain ina dhiaidh, bhí cónaí ar Ellen Gray, ailtire ceannródaíoch Éireannach agus dearthóir troscán, a bhí gan dabht níos suaimhní sa cheantar seo ná a bheadh sí in Éirinn, ós rud é gur bhean neamhleithscéalach déghnéasach í.

Tháinig Joanna Hiffernan go Páras den chéad uair in 1861. Is beag eolas atá againn faoina saol. Is eol dúinn gur rugadh í in Éirinn in 1843 agus gurbh alcólach é a hathair. Is eol dúinn freisin gur bhean éirimiúil álainn í, agus gurbh ealaíontóir cumasach í féin.

320px-Whistler_James_Symphony_in_White_no_1_(The_White_Girl)_1862

Is cinnte go raibh Éire sa 19ú haois róchúng di. Bhuail sí le Whistler i Londain in 1860 agus chuaigh sí i bhfeidhm air díreach.  Bhí sí ina leannán, ina bé agus ina mainicín aige ar feadh sé bliana.  I measc na saothar iontach dá chuid ina bhfeictear í, tá  « Symphony in White, The White Girl ».

Nuair a tháinig an bheirt acu go Páras, bhuail sí le dlúthchara de chuid Whistler, Gustave Courbet, ealaíontóir Francach, .  Níorbh fhada go raibh Courbet agus Joanna ina leannán agus gur éirigh idir an bheirt chairde.  Rinne Courbet sraith cheithre phictiúr dá spéirbhean nua, dar teideal « Jo, La Belle Irlandaise ». Agus is í Joanna freisin atá in « L’Origine du Monde », más fíor na hipitéisí.

Gustave_Courbet_-_Jo,_la_belle_Irlandaise_(Stockholm)

Is cinnte gur bhean neamhghnách ab ea Joanna Hiffernan. Is mór an t-ionadh nár smaoinigh aon duine fós scannán a dhéanamh dá saol.

Is bean í a spreagann i gcónaí an tsamhlaíocht. Tá sí ina príomhcharachtar in úrscéal de chuid Christine Orban, scríbhneoir Francach, « J’étais l’origine du monde ».  Faightear i leabhar Orban, dála an scéil, míniú cruthaitheach ar éagsúlacht an datha gruaige ar an gcanbhás.

Ach anois sa ghailearaí, tá turasóirí eile ag cur brú orainn .  Sin beagnach cúig nóiméad atáimid os comhair an phictiúir gan bogadh, agus tá scata Síneach eile ag iarraidh dul ina ghiorracht anois. Ach tá drogall éigin ar an triúr againn an pictiúr a fhágáil, tá mistéir dothuigthe ag baint leis a chuireann cosc orainn imeacht.

Agus níl an cheist freagartha againn fós – cad a chiallaíonn go díreach an teideal ?

« L’origine du monde ? » arsa Proinsias , « is éard atá ann, dar liom, ná bunús an tsaoil, an bheatha féin. Is as an gcóras atáirgthe seo, as an mball giniúna seo atá os ár gcomhair a thagann gach duine daonna dúinn. »

« L’origine du monde ? » arsa mise, « rud eile atá ann, measaim, rud níos fealsúnaí.  Bunús na cruinne atá i gceist. Ní Dia nó aon rud eile a chruthaigh an domhan ach muidne féin, is meafar daonnachach, fríthreiligiúnach é an teideal. »

« Ní aontaím le ceachtar agaibh » a deir, faoi dheireadh, Renata, « Féachaigí go géar ar an bpictiúr. Tá na braillíní in aimhréidh agus tá a cosa spréite agus as a riocht. Féach ar a sine chlé, tá sí fós ina seasamh. Féach ar an gcraiceann timpeall a phit, tá sé beagán nimhneach agus dearg.  Nach léir go bhfuil an Belle Irlandaise díreach tar éis leathair a bhualadh.  Sin é bunús na cruinne agus an tsaoil, an drúis agus an grá paiseanta. »

Publicités