Scéal imirce, scéal drochíde, scéal anró, scéal báis – Les Irlandais du Pont Neuf…..

Scéal léanmhar atá ann; cogadh gan chríoch, tíortha scriosta, cosmhuintir ar a dteitheadh. Campa imirceach, leithcheal agus drochíde i gcroílár na hEorpa. Anró agus cruatan, agus báid ag dul go tóin poill.

Ach ní scéal de chuid na linne seo é, is scéal é a tharla 400 bliain ó shin, agus is iad na hÉireannaigh a bhí ina lár – scéal « Les Irlandais du Pont Neuf » atá ann.

DP874368

Táimid anseo i bPáras, an triúr againn, maidin ghruama i ndeireadh an earraigh ag féachaint síos ar uiscí broghacha na Séine agus iad ar a mbealach fealltach tríd an gcathair. Mise, atá i mo chónaí sa phríomhchathair le fada an lá, agus beirt chairde as Éirinn atá ar cuairt: Proinsias, arb as Baile Átha Cliath é, agus a pháirtí Renata, arbh as an Cholóim ó dhúchas í, ach atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath ó bhí sí ina déagóir. Is cainteoir dúchais é Proinsias, agus tá Gaeilge den scoth ag Renata freisin; tá bua na dteangacha aici agus b’ábhar áthais léi seanteanga a tír nua a fhoghlaim.

Tá siad anseo ar feadh cúpla lá, agus tá mise lánsásta eolas mo bhlianta i bPáras a chur ar fáil dóibh. Seachas dul chuig músaem, gailearaí nó ardeaglais, is anseo a thagaimid, chuig an Pont Neuf, an droichead is arsa de chuid na Séine, agus ceann de na háiteanna is ansa liom sa chathair.

« An Pont Neuf, an droichead is sine i bPáras, » a deirim.

« Ait an fear an Francach, » a deir Renata, « a thugann Pont Neuf ar an droichead is ársa atá aige ».

« Beag nárbh ainm eile a tugadh air. Pont des Pleurs, Droichead na nDeor. Agus cúis mhaith leis. »

Déanann Renata méanfach bheag, tá seanchodladh uirthi. Is ormsa an locht, is mise a chuir an t-óstán in áirithe dóibh. Roghnaigh mé ceann saor taobh thiar de Gare du Nord, in aice le Métro La Chapelle, ach níorbh eol dom go mbeadh sé ina raic agus ina chlampar sa cheantar beagnach gach oíche, agus deacair dóibh dá dheasca oíche mhaith chodlata a dhéanamh ann. Cúpla mí ó shin, thosaigh buíonta teifeach ag cur fúthu faoi áirsí an mheitreo – as an Eiritré, an tSúdáin, Sead, agus an Afganastáin an chuid is mó díobh.

Ós rud é go bhfuil a líon ag síormhéadú, tá na fórsaí slándála ar a ndícheall chun an ruaig a chur orthu. Is roimh sholas an lae a thagann na póilíní, uailleacha bonnáin agus solais ghealánacha ag réabadh na hoíche. Stróiceann siad pubaill, caitheann siad amach málaí codlata, scriosann siad bia. Cuireann siad na teifigh ar shiúl. Toisc nach bhfuil aon áit eile acusan le dul, tagann siad ar ais i gceann cúpla lá, agus fanann siad go foighneach leis an gcéad ruathar eile.

Ach anseo ar an Pont Neuf, táimid i bhfad ón gceantar sin. Sa Fhrainc, ní tearc na háiteanna a bhfuil dlúthbhaint acu leis an stair – caisleáin, páláis, láithreacha catha – ach tá rud ar leith faoin áit seo, is áit í atá sáite go docht i stáir na hEorpa. Tá an seandroichead seo ina nasc idir dhá bhruach na habhann, agus ina nasc idir dhá shaol chomh maith: ar an Rive Droite tá an Louvre, pálás na rithe agus ceantar stairiúil na cumhachta, agus ar an Rive Gauche tá an Quartier Latin, ceantar na n-ollscoileanna agus an léinn, agus uaireanta ceantar an reibiliúin.

Agus más droichead idir dhá shaol é, tá sé ina dhroichead chomh maith idir dhá stair. Is anseo atá stáir oifigiúil na Fraince le feiceáil, na radhairc mhaorga ar ardeaglaisí, páláis agus séadchomharthaí atá fad na Séine, dealbh Henri IV, mór-rí na Fraince ar dhroim eich ag faire ar a ríocht. Ach tá stair eile ag baint leis an áit. Faoi choim na n-áirsí taisfhuara, agus measctha sna huiscí modartha, tá stair rúnda le brath, stair a bhfuil boladh beag bréan air, stair léanmhar na cosmhuintire, stáir chruatain agus anró. Agus stair atá nasctha le stair na hÉireann.

 

Pontneuf1615

Cromaimid amach ar uchtbhalla an droichid.

« Dochreidte an áit seo a shamhlú ag tús an seachtú haois déag, » a deirim, « An droichead i gcónaí ina láithreán tógála, agus beagnach 2,000 Éireannach gan dídean ag lorg tearmainn ann i gcófraí, áirsí agus poill. Éireannaigh bhochta, dhíshealbhaithe. Ag labhairt Gaeilge. »

« B’fhéidir an chéad champa dídeanaithe san Eoraip ? » a deir Proinsias.

« Nó an chéad Pop-Up Gaeltacht ? » a deir Renata.

Leagadh céad chloch an droichid i 1578, agus cuireadh bailchríoch air i 1607. Is i 1604 a thosaigh na hÉireannaigh ag teacht go Páras. Ina leabhar « Franco-Irish Relations 1500-1610 » tá taighde iontach déanta ag Mary Ann Lyons, staraí de chuid Mhaigh Nuad, ar an tréimhse seo.

Bliain bheag tar éis Chath Chionn tSáile i 1603, tháinig deireadh le Cogadh na Naoi mBliana nuair a ghéill na tiarnaí Gaelacha do na Sasanaigh. De dheasca chleas an talaimh loiscthe, bhí cuid mhór den tír scriosta – beostoic mharaithe, barra dóite, tithe leagtha – agus bhí scáil an ghorta ag leathadh ar fud na tuaithe. I gcuntas amháin, a scríobhadh ag an am, déantar cur síos ar « daoine bochta, marbh ar thaobh an chlaí, agus rianta glasa ar a bhéal ó bheith ag ithe neantóga, copóga, agus gach planda eile a d’éirigh leo stoitheadh as an ithir. »

Éalú ón ocras agus ón mbás, ní raibh ach an rogha sin ag cuid mhaith den chosmhuintir. Theitheadar. Níorbh aon Imeacht na nIarlaí a bhí ann; murarbh ionann is a gceannairí a d’fhág an tír go huasal státúil i longa seoil cúpla bliain ina dhiaidh, is i ngrúpaí beaga suaracha a d’fhág siadsan an tír; de réir a chéile, i rith na míonna agus na blianta, ar bhealaí éagsúla, i soithí de gach sórt, trí chalafoirt éagsúla sa Bhreatain agus ar an Mór Roinn. Chun na Fraince a tháinig sciar díobh, agus tuairiscíodh go raibh 2,000 teifeach Éireannach ag cur fúthu thart ar an Pont Neuf faoi dheireadh 1607. Ní heol go baileach cén fáth ar tháinig siad chun na Fraince –  b’fhéidir gur cheap siad go mbeidh soicheall ann dóibh de bharr dlúthpháirtíocht i gcoinne an seannamhad. Má cheap, bhí dul amú orthu, b’fhuar an fháilte a cuireadh rompu.

Is ar bhruach deas na Séine, cúpla céad méadar uainn, taobh thiar den Louvre, atá lonnaithe an Bibliothèque Nationale, áras mórga ina bhfuil fáil ar stór saibhir cartlann. Is anseo is féidir teacht ar chuimhní cinn  « Mémoires-Journaux (1574-1611) » de chuid Pierre de L’Estoile, dialannaí clúiteach. Is leabhar tábhachtach é ina bhfaighimid léargas lom ar dhearcadh na bhFrancach i leith Éireannaigh an Pont Neuf. Uasal uaibhreach as an grande bourgeoisie ab ea de l’Estoile, agus cé gur scríbhneoir cumasach agus suimiúil é, ní féidir a shéanadh go bhfuil blás maslach ina chuid scríbhneoireachta agus é ag cur síos ar na himircigh bhochta; tá tagairt ann do Pont Neuf mar áit a bhí ar snámh le míola. Ar ndóigh, dá mbeadh sé beo inniu, ba dhuine é a bheadh compordach ar fad i ré úrnua an phobalachais shuaraigh atá á cruthú againn.

« Tá coilíneacht iomlán ann, » a scríobhann sé, « idir Éireannaigh, bhacaigh agus lucht déirce. Maíonn siad gur mairtírigh Chaitliceacha iad, ach le titim na hoíche tá siad i mbun gadaíochta agus feallmharaithe… Is muintir iad nach bhfuil a shárú le fáil i gcúrsaí déircínteachta, gairm a bhfuil ina shárealaín acu, gairm nach bhfuil ann ach a bheith ag maireachtáil ar allas daoine eile, ag goid anois is arís, agus ag déanamh leanaí agus leanaí eile chun chur le plódú paistí na cathrach. »

I mBealtaine 1606, chinn na húdaráis an ruaig a chur ar na hÉireannaigh. Faoi phian sciúrsála nó sclábhaíocht rámhloinge, cuireadh iallach orthu an chathair a fhágáil faoi 24 uair an chloig. Chuige sin, cuireadh ar fáil dhá bhád do 1,000 duine. Bhí faoiseamh ar Pierre de l’Estoile, cinnte : « Gortghlanadh tráthúil… faoi dheireadh, agus tar éis ceithre bliana, chuaigh an dlí i ngleic leis na bacaigh chontúirteacha seo. Cuireadh i mbáid iad in aon ruathar amháin, ligeadh na báid le sruth, agus níor chualathas breis tráchta orthu. »

Cad a tharla dóibh ? Ní fios. An rud is measa, seans. In annála stair na hÉireann, is beag trácht atá ann ar bháid seoil lán le daoine ag teacht ar ais. I leabhar Mary Ann Lyons, tá tuairisc ann de chuid Arthur Chichester ar bhuíon lucht déirce giobalghléasta a tháinig i dtír i gcalafort Port Láirge i Meitheamh 1606, 80 duine san iomlán, idir mhná agus leanaí, b’in an méid.

Siúlaimid ar ais go lár an droichid. Tá Proinsias ag glacadh grianghraf, ionadh agus spleodar air. Tá Renata pas beag tuirseach agus cantalach.

Tugaim faoi deara triúr girseach Romanaí ag druidim linn, meangadh ar a haghaidh, cláir fháiscthe ina lámha. Tá fainic curtha agam ar Prionsais agus Renata roimh ré faoin gcamscéim seo. Bréagachainí carthanachta atá acu chun airgead a mealladh go hoscailte, agus má theipeann ar sin, ní leasc leo dul i muinín peasghadaíochta. Tá na buíonta giofóg sin ar shráide na cathrach le breis is 25 bliain anois, díbeartha as a dtír féin tar éis thitim an chumannachais, agus iad á maíomh go bhfuil siad anseo de dheasca bochtaineachta agus leithcheala.

« Speek Eengleesh? Speek Eeengleesh? Pleeease » a fhiafraíonn siad go gealgháireach de Renata ag brú na hachainí ina aghaidh. Is beag bá atá ag Renata dóibh, agus tugann sí cúl leo go borb. « Speek Eengleesh? » a fhiafraíonn siad arís, a ngutha ag dul chun teannais, agus méire anois curtha ar mhála láimhe Renata. « Yeah, fuck off, » arsa sise de bhéic. Má tá Gaeilge shéimh na Mumhan ag Renata , tá Béarla garbh Bleácliath ar a toil aici freisin. « Is that enough fucking English for you! »  Scaipeann an triúr go dea-chroíoch, gan focal gearáin, turasóirí eile níos soineanta aimsithe acu cheana féin.

Tá Renata ag iarraidh dul ar ais chuig an óstán chun sieste a dhéanamh. Tuigim di. Roimh dúinn dul, áfach, taispeánaim go sciobtha dóibh dealbh Henri IV i lár an droichid. Rí lárnach i stair na Fraince ab ea Henri, is eisean a chuir deireadh leis na cogaí reiligiúnacha sa 16ù aois. B’eachtrannach féin é Henri IV ar bhealach beag. Roimh dó a chorónú i Rí na Fraince, bhí sé ina rí ar Navarre, ríocht sa Spáinn, agus measadh go forleathan sa Fhrainc gur dhuine ón taobh amuigh é. Níorbh é an chéad uair i stair na hEorpa ba ghá le duine as baile isteach chun teacht ar réiteach fadhbanna achrannacha.

I 1610, ceithre bliana i ndiaidh ruaig na nÉireannach, maraíodh Henri IV i sráid bheag chúng cois leis na háite seo. Sádh é ina chóiste. Ní raibh baint ag an ionsaí seo le scéal na nÉireannach – ach amháin b’fhéidir sa mhéid gur thréimhse chorraithe a bhí ann. Ba é François Ravaillac an feallmharfóir. Gealt a bhí ann – nó sceimhlitheoir antoisceach mar a thabharfaí air, sa lá inniu. Daoradh chun bás uafásach é. Má cheaptar go raibh na húdaráis dian ar na hÉireannaigh agus ar an mbagairt eachtrach, is léir go raibh siad lán chomh dian ar an namhaid inmheánach. Tá mionchuntas ar an gcur chun báis ag de l’Estoile agus tráchtairí eile na linne. Bhí cruthaitheacht agus brúidiúlacht ceaptha ag Stát na Fraince a chuirfeadh éad ar chéastúnaigh nua-aimseartha de chuid an Stáit Mhoslamaigh sa tSír. I ndiaidh céasta agus ceastóireachta i gcarcair, tarraingíodh é os comhair an phobail ar La Place de la Greve ar bhruach na Séine. Tumadh a lámh, an lámh a mharaigh an rí, in ola scallta go dtí nach raibh ann ach cnámha. Taispeánadh an stumpa cráindóite don phobal a bhí ag dul chun gliondair. Le pionsúr mór, stróiceadh ar dtús a shiní de, agus ansin codanna eile dá fheoil. Líonadh na poill a rinneadh le luaidhe leáite agus sulfar.  Ansin, ceanglaíodh a cheithre ghéag le ceithre chapall, agus cuireadh le rith i ngach treo iad chun an corp a réabadh go hiomlán ó chéile. Deirtear go raibh daoine ann, mná agus páistí ina measc, a phioc suas na píosaí feola mar chuimhneacháin. Díbríodh tuismitheoirí Ravillac thar lear, agus cuireadh iallach ar a mhuintir an sloinne a athrú faoi bhreith bháis.

Fágaimid an Pont Neuf inár ndiaidh. « Sin stair an Pont Neuf, » a deirim. « Agus mé anseo, cuimhním i gcónaí ar an rud a dúirt de Tocqueville, ‘L’Histoire est une galerie de tableaux où il y a peu d’originaux et beaucoup de copies.' »

« An stair?  »  a deir Renata, atá eolach ar litríocht na hÉireann mar aon leis a teangacha, « Aontaímse le Stephen Dedalus – Is tromluí í an stair, tromluí a bhfuil mé ag iarraidh dúiseacht as. »

 

Publicités

2 commentaires sur “Scéal imirce, scéal drochíde, scéal anró, scéal báis – Les Irlandais du Pont Neuf…..

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s