Mionlaochra agus sárlaochra i bPáras

(Píosa beag a scríobh mé mar thionscadal den chúrsa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ata idir lámha agam faoi láthair.)

An bhfuil aon tuairim agaibh faoi shárlaochra? An gceapann sibh, mo dhála féin, nach raibh riamh an oiread sin scéalta faoi shárlaochra agus a gcuid gaiscí sna scannáin is atá faoi láthair? Dar liom, níl ann ach sin sna pictiúrlanna, gála Marvel i ndiaidh gála. An chúis leis sin, de réir tráchtaire amháin ná an saol ina bhfuilimid tumtha a bheith níos contúirtí ná a bhí riamh agus go bhfuil gá againn le laochra uilechumhachtacha chun muid a chur ar ár suaimhneas – an ról a bhí ag an reiligiún tráth dá raibh. Tráchtaire eile a bhfuil míniúchán níos nithiúla aige – tá an teicneolaíocht ann faoi láthair chun na héifeachtaí speisialta ar an scáileán a dhéanamh ar bhealach sochreidte.

Pé scéal é, is sárlaochra a bhí faoi chaibidil againn le déanaí, mise agus mo mhac óg agus muid ag fágáil na pictiúrlainne. An gála sárlaoich deireanach de chuid Hollywood a bhí ann, agus cinnte nach mbeinn ann murach gur chuir mo leaid, nach bhfuil 10 mbliana slánaithe aige fós, iallach orm. Faoiseamh ormsa go raibh an truflais críochnaithe, sceitimíní airsean. « Nuair a fhásfaidh mé suas beidh mé i mo shárlaoch. Nár mhaith leat bheith i do shárlaoch, a Dhaidí? Nár mhaith leat an pláinéad a shábháil? » Lig mé osna bheag uaim.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, tharla eachtra bheag dom a chuir lón machnaimh leis an ábhar céanna. Bhí mé ag dul abhaile ar an meitreo i bPáras. Bhí an carráiste plódaithe – Párasaigh ar a mbealach abhaile, a lá oibre curtha díobh. Duine cantalach is ea an Párasach an lá is fearr dá bhfuil ann, agus níos cantalaí fós tráthnóna Luain.

Ós rud é nach raibh suíochán saor, bhí mise i mo sheasamh go corrach in aice leis an doras, mo nuachtán á léamh agam. Ba ag an stáisiún Louvre a tháinig mo dhuine isteach. Cé nár ardaigh mé mo shúile ó mo nuachtán, bhí a fhios agam go raibh rud éigin mícheart, d’airigh mé na comhphaisinéirí ag cúlú go tobann. Agus nuair a tháinig racht fíochmhar maslaí as a bhéal, bhí orm aird a thabhairt air. Stócach gránna urrúnta a bhí ann, gothaí troda air, a dhá shúil ar lasadh go bagrach. Ní raibh boladh óil air – an rud is measa mar sin, fíorghealt!

De réir a seantaithí, rinne na paisinéirí go léir neamhshuim de, agus súil acu gur leor sin chun go n-imeodh sé. Ach ní raibh a leithéid de rún aige. Dhírigh sé dhrochaird ar bhean óg a bhí ina suí le m’ais. « Poupée! Tu es mignonne! An mbeadh póigín agat dom? » Bhí eagla uirthi, thug sí neamhaird air, ach thug mé faoi deara go raibh a beola ar crith. « Allez, póigín beag bídeach? ».

Rinne mé an rud ba chiallmhaire agus ba chirte, dar liom. Thug mé coiscéim bheag ar aghaidh, agus d’oscail mé mo nuachtán níos mó, ionas go mbeinn féin go hiomlán idir an bithiúnach bagrach agus an bhean, agus go mbeadh mo nuachtán ina sciath, sciath a bhí suarach gan dabht ach siombalach mar sin féin. Ach níor chuir sin stop leis – a mhalairt. Ba chun olcais a bhí a chuid feirge ag dul. Thosaigh sé ag dul thart orm, ag bagairt i gcónaí uirthi.

Bhí gach paisinéir eile ag déanamh neamhairde de i gcónaí. Chuimhnigh mé ar an scéal a tharla cúpla bliain ó shin, bean a éigníodh i gcarráiste i lár an lae ghil gan focal as aon phaisinéir. Dochreidte a cheap mé ag an am, thuig anois é. Bhí imní orm go mbeadh na cúrsaí ag imeacht chun foréigin. D’fhéach mé go neamhchinnte ar an gcorda éigeandála; an uair amháin a chonaic mé á úsáid, bhí níos mó nimhe dírithe ar an bhfear a tharraing é agus a chuir moill ar gach aon duine ná ar fhear na bruíne ba chúis leis an bpráinn.

Is ansin a tháinig an paisinéir eile le m’ais. Fear óg éidreorach a raibh spéaclaí air, tagtha chun fóirithinte. Bheannaigh sé don bhean óg go glórach agus go lúcháireach – « Sophie, ca va?« , dúmas go raibh aithne na blianta aige uirthi. « Ní fhaca mé thú le haois gadhair. An bhfuil tú ag obair sa cheantar seo? Tá sé iontach thú a fheiceáil arís. » Rinne an bhean gáire glic, thuig sí an tseift. D’fhreagair sí. Bhris an teannas. Bhí an maistín curtha ar leataobh anois, é ag caint leis féin go hamaideach. Agus an gus bainte as, thuirling sí ag an gcéad stáisiún eile. Bhí faoiseamh ar gach duine, agus go háirithe ar an mbean. Sméid mé air an bhfear óg cliste.

Trua nach raibh mo mhac le m’ais, a smaoinigh mé agus mé ag fágáil an mheitreo. Déarfainn: « An dtuigeann tú? Nílimid i ngá sárlaochra gona sárchumhachtaí sa saol seo, is leor breis míonlaochra atá beagán cliste cróga. »

Publicités

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s