Páirc na Gaeilge  – Páirc théama lán Gaeilge le hoscailt inniu Domhnach Cásca  

 

Páirc na Gaeilge  – Páirc théama lán Gaeilge le hoscailt Domhnach Cásca 2018

 

(Tá mé le lán sásta go bhfuil an Ghaeilge, de réir dealraimh, ag dul ó neart go neart in Éirinn i mBliain na Gaeilge. Seo tuairisc a fuair mé inné ón iriseoir cáiliúil  Fearfeasa Mac Feasa) 

Mar bhuaicphointe ar Bhliain na Gaeilge 2018, osclófar páirc théama siamsaíochta Ghaeilge inniu,  Domhnach Cásca . Tá an pháirc suite i nGaeltacht na Gaillimhe idir Indreabhán agus An Spidéal, agus is éard atá ann ná páirc fóillíochta ina gceiliúrfar gach gné de theanga agus oidhreacht na Gaeilge.

Cuirfear ar fáil réimse leathan de ghníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúir sa pháirc. Beidh rud ann do gach aois, cúlra agus meon, agus táthar ag súil le cuairteoirí ó chian is ó chóngar. Dóibhsean a bhfuil suim acu i gcultúr na Gaeilge, beidh taispeántas réaltachta fíorúla tríthoiseach. A bhuí leis an ríomhaireacht is nuálaí  agus foireann teicneolaíochta na páirce atá ar thús cadhnaíochta, tumfar an cuairteoir go taibhsiúil i ndomhan fíorúil ina bhfeicfidh sé saol dochreidte a bhí ann uair amháin in Éirinn nuair a rinne cuid mhaith den chosmhuintir a gnó laethúil go hiomlán as Gaeilge.

Ina theannta sin, agus dóibhsean ar fearr leo an fíorshaol, ag áiteanna éagsúla ar fud na páirce , agus ar feadh an lae, beidh athachtú drámata ar ghnéithe shaol lucht labhartha na Gaeilge, gníomhaí a dhéantaí go hiomlán as Gaeilge tráth – mar shampla, feirmeoireacht agus iascaireacht, gnó agus siopadóireacht, airneán agus scéalaíocht, agus iarratas a chur isteach chuig an rialtas áitiúil. Is iad muintir na háite féin, iadsan a labhraíonn Gaeilge fós, a léireoidh na seiteanna iontacha seo

Agus ní hamháin cultúr a bheidh ann. Is páirc fóillíochta é freisin, agus chun cuairteoirí agus go sonrach teaghlaigh a mhealladh isteach, beidh réimse fairsing de mharcaíocht siamsaíochta, ina measc rollchóstóir agus roithleagán ró, tuairteáin agus traein na dtaibhsí, cairtíneacht agus cairr sleamhnán.

Osclófar Páirc na Gaeilge, nó Gaelick Park mar a thugtar as Béarla í, inniu go hoifigiúil tráthnóna Domhnach Cásca. Reáchtálfar searmanas oscailte, ar a bhfreastalóidh an Taoiseach agus Airí na Gaeltachta.  Le titim na hoíche, is é an Taoiseach féin a chuirfidh tús le taispeántas tinte ealaíne ollmhór chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an lá stairiúil seo.

Ag caint faoin bpáirc, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar : « Is lá mór agus lá nua don Ghaeilge é. Bhí an rialtas an-tiomanta faoin togra seo.  Tréaslaím do gach duine a bhí páirteach ann, agus molaim go hard fiorthiomaontas na daoine tiomanta a thiomáin an togra go ó thús go deireadh go díograiseach agus go tiomáintear. »

Chuir Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeltachta, a ghuth le focail an Taoisigh : « Tá an-ríméad orm fadúda. Ceapaim leis an togra go bhfuil an Ghaeilge faoi dheireadh i spás dearfach, agus tá mé thar a bheith dearfach anois fadúda an todhchaí. Ar m’aistear pearsanta tá an pháirc seo an radharc is breá a chonaic mé go dtí seo. »

Agus tháinig focal freisin ó urlabhraí Josepha Madigan, Aire Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta: « Is fíor nach bhfuil Gaeilge ag an Aire, ach tá sí an-tiomanta agus an-díograiseach faoi Pháirc na Gaeilge, agus tá sí cinnte gur togra é a d’fhéadfadh í a spreagadh chun cúpla focal a fhoghlaim. »

Is cinnte gur tionscnamh uaillmhianach agus ceannródaíoch é Páirc na Gaeilge. Labhraíomar le Bainisteoir Siamsaíochta Pháirc na Gaeilge, Kayla Ní Fhlatharta, a raibh ríméad uirthi cur síos a dhéanamh ar chúpla ceann de na háiseanna folaíochta is  taitneamhaí sa pháirc :  « Ceapaim go mbainfidh gach duine, idir óg is aosta, an-sult as traein na dtaibhsí. Mise féin a tháinig suas leis an gcoincheap. Is é an t-ainm atá air ná Cré na Chiller, is éard atá ann ná traein bheag taibhse a bheidh ag dul thart macasamhail reilig Chré na Cille, agus beidh Caitríona Pháidín, Tomás Taobh Istigh agus a gcomrádaithe leathmharbh ag cur scanradh ar gach aon duine. Agus sin go léir as Gaeilge! »

Ach de réir Kayla, tá gné dháiríre ag baint leis na háiseanna chomh maith: « Tá cluiche spleodrach eile againn atá bunaithe ar Pheig. De réir taighde a rinneamar, tá na mílte duine in Éirinn ag fulaingt i gcónaí de strus  iarthrámach (nó PTS) de bharr an leabhar Peig a bheith sactha siar ina gcraos ar mheánscoil. Beidh siadsan in ann faoiseamh síceolaíochta a fháil a bhuí leis an gcluiche seo. Is éard atá ann ná cluiche saghas stalla cnónna coco; beidh dumaí Pheig ina sheasamh ar leathchois, agus caithfear málaí beaga plúir ina choinne. Beidh duaiseanna dóibhsean ar éiríonn leo a píopa a leagan as a clab, agus an phríomhdhuais má éiríonn siad leis an leathchois a  bhaint di agus i a sheoladh ar ais san uaigh atá taobh thiar di. »

 

Táthar ag súil go gcaithfidh na cuairteoirí an lá iomlán i bPáirc na Gaeilge, agus chuige sin tá réimse leathan de bhialanna agus de bheáir sneaiceanna curtha ar fáil ann. Deir Scully Ó Gríofa, Bainisteoir Shólaistí na páirce « Tá gach saghas bialainne agus beáir ann. Tá rud éigin againn do gach buiséad agus ní gá de dhaoine a bheith buartha faoin gcostas. Sampla amháin, i mBialann an Ghorta Mhóir, tá tairiscint speisialta ann gach aon lá a bheidh an-oiriúnach ar fad do theaghlaigh mhóra – a oiread prátaí agus is féidir leatsa agus do chlann a hithe – agus sin ar 20 euro! »

Labhraíomar freisin le Stiúrthóir Acmhainní Daonna na páirce, Jessica Ní Mhaoldomhnaigh : « Is tabhartas ó Dhia í Pháirc na Gaeilge do mhuintir na háite. mar is eol de chách, tá dífhostaíocht agus cruatan forleathan i gceantair na Gaeltachta le fada, agus anois faoi dheireadh tá fiontar uaillmhianach ar an bhfód atá i mbun earcaíochta  chainteoirí dúchais Gaeilge. Is é an t-aon trua amháin go gcuireann an reachtaíocht fhostaíochta atá ann cosc orainn idirdhealú a dhéanamh idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla agus ní féidir linn tús áite a thabhairt d’fhostaithe bunaithe ar a gcumas teanga. Ach beidh muid ag iarraidh teacht thart ar an bhfadhb le córas agallaimh dheonaigh. »

Agus an focal scoir ag Kayla: « Tá mé iontach ríméadach faoin tionscnamh seo. Mar aon le gach duine eile atá páirteach ann, thug mé 110% dom féin chun Páirc na Gaeilge a thabhairt chun críche. Ceapaim go daingean go bhfuil ré nua na Gaeilge faoi lán seoil. Bhí droch-cháil le tamall ar chultúr na Gaeilge as é a bheith duairc agus diúltach. Ach ar na saolta seo, tá a lán daoine ag baint taitneamh agus pléisiúr as an nGaeilge. Is caitheamh aimsire spleodrach í do na mílte daoine. Agus ós rud é gur caitheamh aimsire atá i ndán don Ghaeilge, ní mór dúinn an rud a dhéanamh   mar is chóir.  »

Fáilte go Gaelick Park…

 Fearfeasa Mac Feasa, 1 Aibreán, 2018  Bliain na Gaeilge,  BéalAnPhobail.ie

Publicités

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s