L’Étranger d’Albert Camus – as Gaeilge

Dúnmharú ar an Trá

(Sliocht as L’Etranger, úrsceal le hAlbert Camus, a d’aistrigh mé)

 

Tar éis tamall beag, chuaigh mé ar ais chuig an trá, agus thosaigh mé ag siúl. Agus mé ag díriú ar na carraigeacha, bhraith mé teas na gréine ar m’éadan. Bhí ualach millteanach na teochta ag cur brú orm, agus ba dheacair dom dul ar aghaidh.

 

I bhfad uaim, chonaic mé an charraig bheag dhorcha. Timpeall na carraige, bhí fáinne solais a bhain an t-amharc asam. Smaoinigh mé ar an bhfoinse fíoruisce a bhí taobh thiar den charraig. Bhí fonn orm teitheadh ón ngrian, agus monabhar suaimhneasach an uisce a bhaint amach.

 

Ach, nuair a tháinig mé ní ba chóngaraí, chonaic mé go raibh an fear Arabach tar éis teacht ar ais, an fear céanna a d’ionsaigh Raymond ní ba luaithe ar maidin. Bhí sé ann ina aonar. Bhí sé sínte, a lámha ar chúl a mhuiníl, a chloigeann i scáth na carraige, a cholainn faoin ngrian. Bhí ionadh beag orm. Dar liom, scéal thairis a bhí ann, agus bhí mé tagtha ar ais gan smaoineamh air fiú.

 

Chomh luath is a thug sé faoi deara mé, chuir sé a lámh ina phóca. Mise freisin, chuir mé mo lámh i bpóca mo sheaicéid. D’fháisc mé an gunnán a thug Raymond dom. Bhí mé measartha fad uaidh – thart ar dheich méadar. Is ar éigean a bhí mé in ann a dhéanamh amach an dreach a bhí ar a aghaidh, ní fhaca mé ach a shúile leathoscailte.

 

Cheap mé gur leor dom iompú thart agus go mbeadh deireadh leis an scéal. Ach taobh thiar díom, bhí an brothall agus teas marbhánta na trá do mo bhrú ar aghaidh. Thóg mé cúpla céim eile i dtreo na foinse. Níor bhog an tArabach. Bhí sé i gcónaí measartha fad uaim. Mar gheall ar na scáileanna ar a aghaidh, cheap mé go raibh sé ag gáire. D’fhan mé. D’airigh mé teas na gréine ag dó mo ghruanna; bhí na braonta allais ag bailiú os cionn mo mhalaí. An ghrian chéanna a bhí ann an lá úd a cuireadh mo mhamaí, agus anois, díreach mar a bhí sé an lá sin, ba é an phian i mo cheann an phian is mó a bhí ag cur isteach orm. Bhí na féitheacha go léir ag bualadh go tréan ann. De thoradh na péine agus an teasa dhofhulaingthe, thóg mé céim amháin ar aghaidh. Ba mhaith ab fhios dom gur rud gan chiall a bhí ann, agus nach dtabharfadh an chéim shuarach sin aon fhaoiseamh ón ngrian. Ach ar a laghad bhí céim déanta agam, céim bheag amháin ar aghaidh.

 

Gan éirí ina sheasamh, thóg an tArabach an scian amach as a phóca. Thaispeáin sé dom í; bhí an lann ag lonrú go bagrach faoi sholas na gréine. Díreach ansin, thosaigh an t-allas, a bhí go dlúth anois os cionn mo mhalaí, ag sileadh isteach i mo shúile. Brat tiubh, te a bhí ann; brat déanta as deora agus as sáile, brat a bhí de mo dhalladh. Níor airigh mé rud ar bith a thuilleadh, rud ar bith seachas an ghrian a bhí ag bualadh gan staonadh ar m’éadan agus an scian a bhí ag lonrú os mo chomhair. Is ansin a thit gach rud as a chéile. Tháinig puth thiubh, mharbhánta ón bhfarraige; bhraith mé na spéartha ag réabadh óna chéile chun tuile lasracha a scaoileadh anuas.

 

Theann mé mo ghreim ar an ngunnán, agus i ngan fhios dom féin, tharraing mé an truicear. Bhí fuaim bhog ann, fuaim a bhí bog agus bodhraitheach, fuaim a stróic an lá ina dhá leath. Scaoil mé ceithre urchar eile isteach sa chorp, gach ceann mar a bheadh cnag grod ar dhoras na míchinniúna.

Publicités

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s