An ionann ceist na Catalóine is ceist na hEorpa ?

Mar is eol dúinn, tá cúrsaí ina gcíor thuathail sa Chatalóin le tamall beag anuas. Ar an 1 Deireadh Fómhair, reáchtáladh reifreann conspóideach ar neamhspleáchas an réigiúin; díreach ina dhiaidh sin, agus tar éis 90% díobh siúd ar éirigh leo vótáil a nguth a thabhairt ar a son, d’fhógair Puigemont, uachtarán Rialtas na Catalóine, go mbeadh an Chatalóin ina poblacht neamhspleách, cé nár thug sé spriocdháta ná sceideal. Ansin, d’fhiafraigh Príomh-Aire na Spáinne, Mariano Rajoy, de Phuigemont soiléiriú a dhéanamh, agus bhagair sé riail dhíreach a chur i bhfeidhm arís.

Ní fios dúinn cén toradh a bheidh ar an scéal. Tá réimse leathan de thuairimí ann: tráchtairí polaitíochta a bhfuil dearcadh éadóchasach acu agus a fheiceann an méid atá ag tarlú mar dhroch-chomhartha ar chliseadh thionscadal físiúil na hEorpa agus foréigin dosheachanta i ndán dúinn, tráchtairí eile atá níos soiniciúla agus nach bhfeiceann ann ach cogadh beag na sifíní.

Pé rud a tharlóidh – agus tá súil ag gach duine, cinnte, gur ag an chiall a bheidh an lá ar deireadh – is é mo thuairim féin gur scéal fíorspéisiúil é, mar léirítear ann na dearcthaí éagsúla atá san Eoraip faoi láthair maidir le coincheap an náisiún agus féiniúlacht na réigiún. Tá sé le feiceáil go soiléir freisin, tríd an gcaoi a bpléitear an scéal sna meáin, an deighilt atá idir mórthíortha seanbhunaithe na hEorpa, leithéidí na Fraince agus na Gearmáine, agus na tíortha a bunaíodh sa chéad deireanach.

Anuas air sin, is ábhar suime faoi leith de phobal na hÉireann an scéal, mar tá a lán cosúlachta idir ár dtír agus an Chatalóin, ó thaobh staire de, ó thaobh cultúir de, agus ó thaobh teanga de. An té atá beagán eolach ar stair na Catalóine, beidh a fhios aige nár inniu ná inné a d’eascair na fadhbanna a bhaineann le gluaiseacht an neamhspleáchais.

Is seantír í an Chatalóin, agus is seanteanga í a teanga. Cé nach bhfuil an Chatalóinis chomh hársa is atá an Ghaeilge, is teanga sheanbhunaithe í atá ar an bhfód ó bhí an 9ú haois ann. Tá saibhreas cultúrtha ag baint leis an teanga, go háirithe saibhreas filíochta. Ar aon dul síos leis an nGaeilge, ba chúis bhróid agus faoisimh an Chatalóinis agus a litríocht dá lucht labhartha sna tréimhsí duairce agus gránna dá stair, na tréimhsí ina ndearnadh cos ar bolg orthu, nuair a rinne ríthe, dála Philip V , agus deachtóirí , dála Franco, dianiarracht a gcultúr agus a dteanga a scriosadh. Féach mar a scríobh Joan Maragall, file cáiliúil na Catalóine , in 1898 sa saothar iomráiteach, Dán don Spáinn (m’aistriúchán féin):

Éist, a Spáinn, éist le guth do mhic
A labhraíonn leat, ní as Caistílis,
Ach as a teanga féin,
A bronnadh air sa tuath thur.
Sa teanga seo, is beag a chuala tú,
Sa teanga eile, an iomarca.

An féidir mianta pobail a thuiscint gan a gcultúr a thuiscint? An féidir a bheith eolach ar phobal gan a bheith eolach ar a stair?

Díol spéise sa bhreis domsa, atá i mo chónaí sa Fhrainc le tríocha bliain anuas, is ea an bealach atá an scéal á phlé ag na meáin agus ag na tráchtairí polaitíochta anseo. Is beag bá atá acu le cúis na Catalóine, agus is suntasach an chodarsnacht atá idir a ndearcadh siúd agus an dearcadh atá sna tíortha beaga – in Éirinn, in Albain, nó sna tíortha Lochlannacha mar shampla – nach bhfuil an traidisiún céanna de stát láidir, láraithe acu.

Cé gur féidir teacht ar phlé agus caibidil faoi cheist na Catalóine ar chainéil nuachta na Fraince ó dhubh go dubh, is beag trácht a chloistear ar chúrsaí teanga, cultúir agus staire. Is é croí na ceiste anseo ná na gnéithe dlíthiúla agus bunreachtúla den scéal. Cuirtear béim go minic ar an gcur chuige neamhréasúnach atá ag lucht fheachtas an neamhspleáchais, ar an reifreann atá, dar leo, go hiomlán neamhdhlíthiúil ó thaobh bhunreacht na Spáinne agus institiúidí na hEorpa, agus na héilimh atá ag teacht salach ar an bhfís uaillmhianach Eorpach.

Níl leisce orthu iompar náireach na bhfórsaí slándála a cháineadh, ach is beag bá a thaispeántar do chosmhuintir na Catalóine. Is annamh a dhéantar iarracht teacht ar thuiscint maidir le dúshraith na ceiste, agus iniúchadh a dhéanamh ar fhréamhacha stairiúla agus cultúrtha na bhfadhbanna. Ní thuigtear cén fáth a bhfuil pobal ag lorg bheith ina chónaí ina theach beag suarach féin, seachas i bpálás galánta, fairsing na hEorpa. Is é bunchúis an dearcaidh seo, ar ndóigh, tábhacht thionscadal atógála na hEorpa don ghlúin seo atá ar an bhfód, tar éis cogaí an fichiú haois, a réab ó chéile an Mhór-Roinn.

An mhórcheist a eascraíonn de bharr imeachtaí na Catalóine, agus an BRImeacht ar ndóigh, ná cén saghas Eorpa ar mhaith linn bheith inár gcónaí ann? Eagraíocht ina bhfuil gach tír sásta cuid dá fhéiniúlacht féin a thabhairt suas, ionas is go mbeadh ollstát láidir ann a mbeidh ar a chumas a bhallstáit a chosaint i ndomhan éiginnte atá ag éirí níos contúirtí de réir a chéile. Nó comhlathas oscailte, solúbtha a thugann tús áite d’fhéiniúlacht agus féinriail na mballstát, fiú más é an toradh ná aontacht agus dlúthpháirtíocht a bheadh thíos leis.

Seo atá idir dhá cheann na meá.

Publicités

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s