30 bliain ag fanacht

Ag filleadh abhaile dom ó Le Havre go Páras ar an Autoroute A13 inné, stop mé an gluaisteán in aice le Rouen ar feadh deich nóiméad chun smaoineamh beag a dhéanamh ar fhear ar bhuail mé leis breis is 30 bliain ó shin anseo sa Fhrainc.

Sna coillte timpeall Pont-de-l-Arche, táthar tar éis trí lá a chaitheamh ag cuardach chorp Shéamus Ruddy, gníomhaí agus múinteoir scoile as an Iúr a fuadaíodh, agus a maraíodh i 1985 i bPáras, de bharr aighneas fuilteach idir fhaicsin an INLA.   Tá sé ar dhuine den cheathrar a d’imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí nach bhfuil a gcoirp faighte fós.

Tuairiscíodh le linn an deiridh seachtaine, gur thángthas ar thaisí. Tá súil ag gach duine gur corp Shéamus atá ann, ionas is go mbeadh suaimhneas  aigne agus fuascailt faoi dheireadh  ag teaghlach agus cairde Shéamus, atá ag fulaingt sa  neamhchinnteacht le tríocha bliain.

Bhuail mé le Séamus cúpla uair, nuair a chuir mé fúm i bPáras i 1984, agus mé i m’ fhear óg.  Bhí Séamus thar a bheith gníomhach san « Association Irlandaise » eagras a bunaíodh ag an am sin i bPáras ( a raibh  mionpháirt agam féin ann). Ba í an aidhm a bhí ag an eagras ná cultúr na hÉireann a chur chun cinn, agus áit choinne a chur ar fáil do na hÉireannaigh sa Fhrainc. Sprioc dhúshlánach a bhí ann ag an am sin, cinnte, am nach raibh an t-idirlíon nó fiú amháin fón póca ann, ach d’éirigh leis.

Sa « Mission Bretonne », reáchtáladh go rialta ranganna damhsa , ceardlanna ceoil, oícheanta craic agus comhrá. Imeachtaí níos polaitiúla  a bhí ann freisin; is maith is cuimhin liom an cheolchoirm a eagraíodh chun dlúthpháirtíocht a thabhairt do na mianadóirí ar stailc i mBreatain faoi réim an Thatcher agus tiomsú airgid a dhéanamh dá gclann. Smaoineamh Shéamus gan dabht.

Níor chainteoir  Gaeilge ab ea Séamus, ach bhí sé an-bháúil i leith mionteangacha na hEorpa, Gaeilge ina measc.  Le cabhair Shéamus, cuireadh ranganna Gaeilge ar siúl sa « Mission Bretonne »;  rud a chuir iontas ar a lán daoine, a cheap , i gcomhthéacs shaol na Mor-Roinne, gurbh fhearr máistreacht a fháil ar Fhrancis nó ar Bhéarla , ach  bhí an-tóir air na ranganna faoi dheireadh.

Níor mhair na ranganna ach cúpla bliain, is mór an trua; níor ach 25 bliain níos déanaí a tháinig ranganna Gaeilge ar ais sa chathair( sa Centre Culturelle Irlandaise)

An chuimhne fhánach atá agam ar Shéamus ná féar a bhí séimh agus dúthrachtach, dáiríre agus greannmhar, fear ar thaitin an ceol go mór leis – an oíche dheireanach a chonaic mé é, bhí sé ina shuí sa « Mission Bretonne », buidéal beorach ina lámh aige, ag canadh go bog meidhreach « The Raggle Taggle Gypsy ».

Iarmhiliteach de chuid an IRSP ab ea Séamus , a raibh baint aige, de réir tuairisce, le smuigleáil gunnaí don Tuaisceart.  Is beag eolais a bhí ag an chuid is mó dúinne ar an ngné sin den fhear. Tréimhse níos crua, níos leochailí,  a bhí ann, agus teannas fós san aer, ceithre bliana tar éis na stailceanna ocrais,  agus cúpla mí tar éis na buamála in Brighton. Níor  cuireadh ceisteanna, ní rabhthas ag siúl le freagraí.

Pé scéal a bhain lena shaol in Éirínn, i bPáras bhí Séamus i gcónaí ag saothrú ar son an lucht oibre. D’fheictí go minic é sna mórshiúlta agus sna hagóidí; agus go háirithe i léirsiú Lá Bealtaine, faoi bhratach mhór « Solidarité Irlandais ».

Dúradh liom gurbh é an áit ab fhearr leis i bPáras ná Balla na Communards i reilig Pére Lachaise, an áit ina lámhachadh 147 oibrithe réabhlóideach in 1871.  Tá inscríbhinn  ar an mballa, focail a scríobh Victor Hugo in « Actes et Paroles » , a chuaigh i gcion ar Shéamus :

Ce que nous demandons à l’avenir, ce que nous voulons de lui, c’est la justice, ce n’est pas la vengeance

An rud  a éilímid ar an saol le teacht, an rud a iarraimid air, ní hé an díoltas, ach an ceartas.

Go raibh suaimhneas faoi dheireadh ag Seamus, ag a chlann agus a chairde.

téléchargement ob_64e877_p120067820170507_124550

Publicités

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion /  Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion /  Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion /  Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion /  Changer )

Connexion à %s